Spreagtar i gClár Oibre 2030 tíortha chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) a chomhtháthú i bpleanáil agus i mbeartas, ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Mar thionscnamh uile-rialtais maoirsithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, coinníonn na hAirí uile an fhreagracht atá orthu chun na SFIanna aonair a bhaineann lena Ranna a chur i bhfeidhm.

Déanfar cinnte i gCuideachta Cultúir na Gaillimhe go bhfuil na SFIanna comhtháthaithe sa bhealach a n-oibríonn muid.